[go: up one dir, main page]
More Web Proxy on the site http://driver.im/
Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: éim · ham · hám · hem · hi
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é him de: im »
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh him »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
him, pers.pron. 1 É. a Have you seen him? an bhfaca tú é? b After simple prep. that has no pron. form Without him, gan é. Between him and the wall, idir é agus an balla. 2 Prep. pron. in Irish a Direct or indirect obj. I trust him, tá muinín agam as. I will give him one, tabharfaidh mé ceann dó. b After prep. I got a letter from him, fuair mé litir uaidh. 3 Poss. a. in Irish a With v.n. I was praising him, bhí mé á mholadh. I couldn't keep him there, níor fhéad mé a choinneáil ann. b With compound prep. Above him, os a chionn. Behind him, ar a chúl. 4 Emphatic forms in Irish Eisean; -sean, -san. a I saw him but not you, chonaic mé eisean ach ní fhaca mé tusa. There is room there for him and you, tá slí ann dósan agus duitse. Him I respect, tá meas agam airsean. Anybody but him, duine ar bith ach eisean. b Stressed in English I saw him, chonaic mé eisean. She was speaking of him, bhí sí ag caint airsean. I would give him nothing, ní thabharfainn a dhath dósan. She was following him, bhí sí á leanúint-sean. 5 An té m. The prize goes to him who . . ., beidh an duais le fáil ag an té a . . 6 Stressed as nom. F: It's him, eisean atá ann. That's him! sin é é!
TORTHAÍ GAOLMHARA IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I can't abide him, ní féidir liom a sheasamh, cur suas leis.
There is something uncommon about him, tá rud éigin neamhchoitianta ann.
His work absorbs him, tá sé sáite ina chuid oibre.
(In marriage ceremony) I do accept her (him), gabhaim léi (leis).
I obtained access to him, d'éirigh liom dul chomh fada leis, chun cainte leis.
I have access to him, tá teacht agam air.
(Therefore) Accordingly I wrote to him, mar sin de scríobhas chuige; dá bhrí sin scríobhas chuige.
I acquainted him with the facts of the case, chuireas an scéal go hiomlán ina láthair.
I didn't know him from Adam, ní raibh a fhios agam ó thalamh an domhain cé bhí agam ann.
It might be advisable to consult him, b'fhéidir gur chóir dul i gcomhairle leis.
I am afraid of him, tá faitíos m, eagla f, orm roimhe.
I never spoke to him after, níor labhair mé riamh leis ó shin.
He closed the door after him, dhruid sé an doras ina dhiaidh.
Time after time, I said it to him, dúirt mé leis é arís agus arís eile.
I shall see him this afternoon, feicfidh mé tráthnóna é.
I saw him on Tuesday afternoon, chonaic mé tráthnóna Dé Máirt é.
F: I ran up against him, casadh orm de thaisme é.
F: It is an age, it is ages, since I saw him, ní fhacas leis na cianta é.
I found him greatly aged, chonacthas dom go raibh an aois tite go mór air.
No longer ago than last week I saw him, níl sé ach an tseachtain seo a chuaigh thart féin ó chonaic mé é.
I set him all agog, chuir mé fuadar faoi; F: chuir mé an tine ar an bpíopa aige.
The wine does not agree with him, ní thagann an fíon leis.
I am in agreement with him, tá mé ar aon intinn, ar aon tuairim, leis.
F: He has an air about him, tá cuma ghalánta air; tá roilsí ag baint leis.
We all love him, tá grá againn uile air.
Do you know him at all? an bhfuil aon aithne agat air?
What providence allotted to him, an rud a gheall an chinniúint dó.
He allowed it to be stolen from him, lig sé a ghoid uaidh.
His silence alone is sufficient proof against him, mura mbeadh ann uile ach nach bhfuil focal le baint as, ba leor mar chruthú ina aghaidh é.
Leave, let, him alone, (i) éist leis, lig dó; (ii) lig leis, tabhair an bealach dó.
I count him amongst my friends, duine de mo chuid cairde é.
I will answer for him, beidh mise freagrach as.
There wasn't anyone able for him, ní raibh duine ar bith in ann aige.
Anyone would think him mad, shílfeadh duine gur as a chiall a bhí sé.
Anyone who had seen him at the time . . ., cibé, an té, a chonaic san am é...
If anything should happen to him, dá dtarlódh aon cheo dhó, dá dtigeadh a dhath air.
A ghost appeared to him, nocht an tais os a choinne.
I have an appointment with him, tá coinne agam leis.
That argues him to be a coward, sin cruthú nach bhfuil ann ach cladhaire.
Keep him at arm's length, coinnigh fad do rí uait é.
As I live I saw him strike the blow, chomh cinnte agus atá mé beo chonaic mé ag bualadh an bhuille é.
I had him as a master, bhí sé ina mháistir orm (seal).
I took him aside, thug mé ar fhód ar leith é.
Ask him the time, fiafraigh de cén t-am é.
Ask him the way, cuir eolas an bhóthair leis.
My astonishment at seeing him, an t-iontas a bhí orm nuair a chonaic mé é.
(To dog) At him! sturr! stoir! beir air!
He set the dog at him, chuir sé an madra ann, as.
The doctor was in attendance on him every day, bhí an dochtúir ag teacht chuige gach uile lá.
They gave him every attention, chuir siad gach cóir air.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht