TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
last1, s. Ceap m. Let the shoemaker stick to his last, is namhaid an cheird gan í a fhoghlaim.
last2 . I a. Deireanach, déanach. 1 a The last two, the two last, an dá cheann dheireanacha. The Last Day, lá dheireadh an tsaoil. Man's last end, críoch dhéanach an duine. She was the last to arrive, ba í ba dhéanaí a tháinig. The last but one, the second last, an ceann roimh an gceann deireanach. You should be the last to say it, tusa is lú is cóir é a rá. That's the last thing that's worrying me, sin é an chuid is lú de mo bhuaireamh. In the last resort, as a last resource, mar bheart in am na héigne. To have the last word, an focal scoir a bheith agat. He has said the last word on the matter, tá deireadh ráite faoin scéal lena chuid caintesean. The last word in hats, hata den fhaisean is nua. Last thing at night, an rud deireanach istoíche. s. Ceann m, lá deiridh (na seachtaine, etc.). The last of the year, lá cinn bhliana. Com: In my last, sa litir dheireanach uaim. b A matter of the last importance, cúrsa mórthábhachtach. 2 Last Tuesday, Tuesday last, Dé Máirt seo caite. Last Sunday, an Domhnach beag seo. Last year, anuraidh. Late last evening, tráthnóna aréir. Early last evening, tráthnóna inné. Last night, (an oíche) aréir. The night before last, arú aréir. I have not seen him for the last four days, ní bhfuaireas aon radharc air le ceithre lá. This day last week, seachtain is an lá inniu. This time last year, bliain um an dtaca seo, an taca seo anuraidh. ► lastly, adv. Go deireanach, ar deireadh thiar. ► last, s. II 1 This last, an ceann deireanach seo. 2 a We shall never hear the last of it, ní chloisfimid a dheireadh choíche. That is the last I saw of him, ní fhaca mé riamh ó shin é. This is the last of it, seo é a dheireadh. b To, till, the last, go dtí an deireadh. S.a. FIRST II. 2. c At last, at long last, faoi dheireadh (thiar thall); i ndeireadh na dála. d To look one's last on sth., féachaint den uair dhéanach ar rud. e To be near one's last, bheith ag druidim leis an éag. III ► lastadv. a When I saw him last, an uair dheireanach dá bhfaca mé é; an uair is deireanaí a chonaic mé é. b He spoke, came last, ba é an duine deireanach a labhair, a tháinig, é.
last3 . 1 v.i. Leanann, seasann, maireann. It's too good to last, ní bhíonn tréan buan. How long does your leave last? cá fhad a bheidh laethanta saoire agat? The supplies will not last out two months, ní mhairfidh an stór an dá mhí. To make sth. last, fad a bhaint as rud. The Government will not last a year, ní chuirfidh an Rialtas isteach an bhliain; ní mhairfidh an Rialtas bliain. This soap lasts longer, tá breis caithimh sa ghallúnach seo. Cloth that will not last long, éadach nach bhfuil aon teilgean, aon chaitheamh, ann. This coat lasted me two years, bhain mé dhá bhliain as an gcóta seo. That much won't last you very long, is gearr le dul ort an méid sin. It will last many years yet, is iomaí bliain fós ann. F: He won't last (out) till morning, ní threabhfaidh sé an oíche; ní sháróidh sé an oíche. If I last, má mhairim. 2 v.tr. To last s.o. out, (i) (of pers.) bheith beo i ndiaidh (duine); duine a chur; (ii) (of thg.) duine a sheasamh; cúram (duine) a dhéanamh. My overcoat will last the winter out, tabharfaidh mo chóta mór an geimhreadh; bainfidh mé an geimhreadh as mo chóta mór.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Three this year as against ten last year, trí cinn i mbliana i gcomórtas le deich gcinn anuraidh.
No longer ago than last week I saw him, níl sé ach an tseachtain seo a chuaigh thart féin ó chonaic mé é.
The last act forms an anticlimax, béim síos atá sa ghníomh deiridh.
(Just) as we did last year, so we must do now, an rud a rinneamar anuraidh, is é a chaithfimid a dhéanamh anois arís.
F: He has shot his last bolt, tá an t-urchar deireanach scaoilte aige, tá an cnaipe deireanach imrithe aige.
He breathed his last, d'fhág an anáil é; d'imigh an tséideog as.
F: You've seen his last effort? an bhfaca tú an saothar is deireanaí aige?
During the last few days, le cúpla lá anuas, le laethanta beaga anuas.
From first to last, ó thosach, ó thús, deireadh.
First and last, tríd is tríd.
You will have to do it first or last, beidh ort é a dhéanamh luath nó mall.
At last I am free of him, táim scartha leis faoi dheireadh.
He was here last Friday, bhí sé anseo Dé hAoine (seo caite).
He was at his last gasp, bhí sé i ndeireadh na feide, na preibe.
To defend sth. to the last gasp, rud a chosaint go dtí an sprioc.
He gave his last gasp, shéalaigh sé.
I got to do it at last, chuaigh agam a dhéanamh faoi dheireadh.
F: He is gone to his last home, tá sé sa seanbhaile.
My last hope, an tseift dhéanach agam.
The last item on the agenda, an rud deireanach ar an gclár.
The Last Judgment, an Breithiúnas Deireannach.
Lasting peace, síocháin shuthain.
To be on one's last legs, a bheith ar an dé deiridh, i ndeireadh na preibe.
At long last, faoi dheireadh thiar.
How long does your leave last? cé mhéad saoire atá agat?
How much longer will it last? cá fhad eile a mhairfeas sé?
To look one's last on sth., breathnú ar rud den uair dheireanach.
At the last moment, an mhóimint dheireannach.
The last-named, an té is deireanaí a dúradh.
This will not of necessity be the last, ní gá gurb é seo an ceann deiridh.
The night before last, arú aréir.
Last offices (to the dead), an friothálamh déanach.
The last but one, an ceann deireanach ach ceann; an ceann roimh an gceann deireanach.
Over the last three years, le trí bliana anuas.
He was at our place last evening, bhí sé againne tráthnóna aréir.
Last post, an ghairm dheiridh.
Moon in its last quarter, gealach ina ceathrú deireanach.
Last night or, rather, early this morning, aréir nó, ba chirte dom a rá, go moch ar maidin.
Last representative of an illustrious race, an duine deireanach de chine clúiteach.
Jur: Last resort, dídean deiridh.
It was the last resort..., nuair a chuaigh an chúis go cnámh na huillinne ...
Last resting-place, an seanbhaile.
To give the last sacraments to a dying person, an ola dhéanach a chur ar dhuine.
It will last for a season, mairfidh sé seal tamaill, achar áirithe.
To be at one's last shift, bheith ar an tseift dhéanach.
Sometime last year, am éigin anuraidh.
The last speaker, an duine deireanach a labhair.
The last straw, buille na tubaiste.
In the style of the last century, i bhfaisean na haoise seo caite.